ROGHNAIGH TEANGA AN TAISPEÁNA
Nuair a sheolann tú Brabhsálaí Tor, socraítear an teanga taispeána go dtí an teanga réamhshocraithe ar do chóras.
Tá Brabhsálaí Tor ar fáil i dteangacha éagsúla agus is féidir leat an teanga taispeána a athrú trí chliceáil ar "Athraigh Teanga".

Sna socruithe "Teanga", roghnaigh an teanga taispeána is mian leat ón roghchlár anuas.

CEANGAL
Nuair a thosaíonn tú Brabhsálaí Tor, feicfidh tú an fhuinneog Connect to Tor.
Tugann seo rogha duit ceangal go díreach le líonra Tor, nó Brabhsálaí Tor a chur in oiriúint le do cheangal líonra féin.
Gluais ar "Ceangail go huathoibríoch i gcónaí" chun ligean do Bhrabhsálaí Tor ceangal leis an líonra Tor go huathoibríoch leis na socruithe nasc a sábháladh roimhe seo, gach uair a sheoltar an brabhsálaí.

De ghnáth, bíonn tú ceangailte le líonra Tor tar éis duit “Ceangail” a chliceáil, gan chumraíocht sa bhreis a dhéanamh.
Nuair a chliceáiltear é, feicfear barra stádais, a thaispeánfaidh dul chun cinn nasctha Tor.
Má tá tú ar nasc sách tapa, ach is cosúil go bhfuil an barra seo i bhfostú ag pointe áirithe, bain triail as an 'Connection Assist' nó féach ar an leathanach [Troubleshootingchun cuidiú leis an bhfadhb a réiteach.
Nó, má tá a fhios agat go bhfuil cinsireacht ar do nasc nó má úsáideann tú seachfhreastalaí, ba cheart duit cliceáil ar "Cumraigh Ceangal".

CÚNAMH NASCADH
Má tá cosc ar Tor i do shuíomh, seans go gcabhróidh sé triail a bhaint as droichead. Is féidir le Connection Assist ceann a roghnú duit ag úsáid do shuíomh.

Mura bhfuil Connection Assist in ann do shuíomh a chinneadh is féidir leat do réigiún a roghnú ón roghchlár anuas agus cliceáil ar 'Bain triail as Droichead'.

CUMRAÍOCHT
Tabharfaidh Brabhsálaí Tor tú trí shraith roghanna cumraíochta.
Cuireann an Connection Assist in iúl duit faoi staid do naisc Idirlín agus faoi do nasc le líonra Tor.


Is é an chéad rogha ná 'Ceangail go huathoibríoch i gcónaí'.
Má tá sé casta air, gach uair a osclaíonn tú Brabhsálaí Tor, déanfaidh sé iarracht ceangal le do shocruithe nasc a shábháil tú roimhe seo.

Má tá a fhios agat go bhfuil cinsireacht ar do nasc, nó má rinne tú iarracht agus gur theip ort ceangal a dhéanamh le líonra Tor agus nár oibrigh aon réiteach eile, is féidir leat Brabhsálaí Tor a chumrú chun úsáid a bhaint as córas iompair plugáilte.
Taispeánfaidh ‘Droichid’ an chuid Circumvention chun iompar inphlugáilte a chumrú nó chun nascadh le Bridges.

ROGHANNA EILE
Má úsáideann do nasc seachfhreastalaí is féidir leat é a chumrú trí chliceáil ar 'Socruithe ...' in aghaidh 'Cumraigh mar a nascann Brabhsálaí Tor leis an Idirlíon'.
I bhformhór na gcásanna, ní gá é seo. De ghnáth beidh a fhios agat más gá duit an ticbhosca seo a roghnú mar go n-úsáidfear na socruithe céanna le haghaidh brabhsálaithe eile ar do chóras.
Más féidir, iarr treoir ar do riarthóir líonra.
Mura n-úsáideann do nasc seachfhreastalaí, cliceáil "Ceangail".
